Title: An dóigh le currach a dhéanamh Year:
Location: Keywords:
Recorder: Informant:
Age: Gender: M
Occupation:
Seo a’ dóigh a ndéanann tú curracha. Caithfidh tú dhá ghiota adhmaid a fháil. Dhá throigh dhéag ar fad agus trí troighthe ar dhóigh agus dhá orlach ar a’ dóigh eile. Agus ansin caithfidh tú dhá ghiota a fháil den chineál chéanna, sé troithe go leith ar fad fá choinne na ngualainneacha. Cuirfidh tú sin le chéile agus cuirfidh tú píosa eile adhmaid ina mhaide deiridh orthu ag…, déarfaidh mé, dhá throithe agus naoi n-orlaí eile ann. Pollfaidh tú suas na … an t-adhmad ansin fá choinne na slatacha. Cuirfidh tú creata de choll, slatacha coill, and ah, agus gheobhaidh tú an chuid eile de shlatacha saileoige agus sínfidh tú insa' mhullach ar a' choill iad. Gheobhaidh tú ansin í, cúig slatacha go leith do éadach, do éadach twill a fháilt, agus aon slat déag de, de [cotton] bád agus cuirfidh tú dhá [cover] den éadach sin uirthi. Toiseochaidh tú ansin agus teannfaidh tú suas an t-éadach sin uirthi agus greamóchaidh tú ar na, ar an adhmad thart uilig é le táirní. Ansin nuair atá sin déanta agat ansin, ansin caithfidh tú fanacht go bhfaighe tú lá te leis a' tarr a chur uirthi agus beidh agat leis a’ tarr a chur uirthi ansin a choíche nó go raibh do sháith tairr agat uirthi. Tá agat ansin le ceithre … tá agat ansin le ceithre rámha a dhéanamh, agus um, beidh na rámhaí, beidh siad in aice le deich dtroithe ar fad, achan ui…, achan cheann acu. Agus nuair atá sin uilig déanta suas ansin agat, tá an currach déanta.
Back

ulster.ac.uk uses cookies to give users the best experience possible. Find out more about our use of cookies