Title: An Ghaeilge sa cheantar Year:
Location: Keywords:
Recorder: Informant:
Age: Gender: M
Occupation:
Tá léar daoine thart i bhFánaid agus níl an chuid mhór Gaeilge acu agus tá léar daoine fríofa a bhfuil Gaeilge acu. Anois toiseoidh mé thoir ag, ar Earra Thíre. Bhuel, tá, tá neart daoine ansin a bhfuil Gaeilge acu agus anoir nó go dtara tú anoir an Baile Úr, Baile Mhícheáil, agus a’ Ghlaisigh, agus tá neart Gaeilge ansin fós. Tiocfaidh tú anoir ansin go dtara tú go Baile Chiarnáin. Bhuel, níl, níl ‘oiread Gaeilge ansin i mBaile Chiarnáin, tá corrdhuine ansin a dtig leofa traidhfil Gaeilge a labhairt. Tiocfaidh tú ansin a fhad leis an Rinn Bhuidhe agus tá Gaeilge acu sin uilig, ar a’ Rinn Bhuidhe. Ansin, tiocfaidh tú a fhad le … leis an tSeanbhaile, tá Gaeilge a sáith acu sin agus Baile Whoriskey [GA: an Fhuaruisce], tá Gaeilge go leor ann fós. Agus tá Gaeilge mhaith ar an Tonn Bhán agus siar ansin go dté tú chun a' tSeisigh, ar an tSeisíoch tá Gaeilge mhaith ansin fós, ag a mbunús uilig. Rachaidh tú ansin go Gort na Trá agus Gort na nGleann agus Gort na [nDabhaodhóg?], tá Gaeilge acu sin uilig. Rachaidh tú ansin go Dumhach Mhór agus tá Gaeilge ag a mbunús sin uilig. Bhuel, ‘sin, rachaidh tú ansin go Glinsk. Bhuel, níl Gaeilge ar bith ansin amach ó chorrdhuine, fíor-chorrdhuine. Agus as sin suas leat, agus, eadar a’ mhuir agus an tIomaire Cam, cha raibh ann ach go labhrann siad sin aon fhocal Gaeilge ar chor ar bith. Sin thart insan áit, thart ar chóstaí Fhánada uilig. Bhuel, ansin rachaidh tú, rachaidh tú trasna ansin bealach a’ Tamhnaigh, agus Ros na Cille agus sin go dté tú go Port Salainn agus níl Gaeilge ar bith ansin. Cha raibh ann ach go labhrann siad aon fhocal Gaeilge nó as sin go dté tú chun na Ceathrúna Caoile. Sin anois thart ar Fhánaid uilig.
Back

ulster.ac.uk uses cookies to give users the best experience possible. Find out more about our use of cookies