Title: Logainmneacha Fhánada (Place-names of the Fanad Peninsula) Year: 1960
Location: Ballywhooriskey, Fánad, Donegal Keywords: Irish language;place-names;Fánad;An Mheall Ghorm;An Rinn Buidhe;na Scoilte Caoile;Scoilt Ailbhe;Trá Bán;An tSeanbhaile;Trá Mór;Scoilt na Mná Móire;Port Chamais;Port an Léana;An Pointe;Oileán an Gheafta;Scoilt na Madadh;Poll an Choire;Slad na bhFaochóg;Liac Amraí;Clochar na gCarad;Port na Loinge;Cnoc an tSeisígh;Pointe Phádaí Cholla;Trá an Dúin;Trá Dhumhaigh Mhóire;Rampar;Cúil an Ghlinsk;Bearnán Dearg;Leithead;Bolg Feighean;Na hEasáin;Baile na nGamhna;Droichead an Chéillí;An Ceathrú Chaol
Recorder: Colmán Ó hUallacháin Informant: Edward Carr
Age: 70 Gender: M
Occupation: Farmer
Toiseochaidh tú thart i gcois a’ chladaigh anseo agus níl aon áit a dtiocfaidh tú thart air ’e chois a’ chladaigh nach bhfuil ainmneacha, a gcuid ainmneacha féin ar achan áit. Toiseoidh mé ’e chéad uair thoir ag an Mheall Ghorm, ag taobh na Rinne Buidhe. Tiocfaidh tú ansin thart ar an Mheall Ghorm, tiocfaidh tú isteach ’n na Scoilte Caoile, agus tiocfaidh tú ansin go Scoilt Ailbhe. Tiocfaidh tú anoir ansin í, ar a’ Tráigh Bhán atá thíos ansin, í, faoin tSeanbhaile, thiar ansin, a ngaireann siad Trá Mór de. Fágfaidh tú an tráigh sin ansin agus rachaidh tú siar go dté tú go Trá Beag agus nuair a fhágfas tú an Trá Beag ’do dhiaidh ansin, rachaidh tú go Scoilt na Mná Móire agus nuair, nuair a rachfas tú thar ar Scoilt na Mná Móire ansin, tiocfaidh port eile ansin a ngaireann siad Port Chamais [?] de agus an darna háit ansin í, Port an Léana [?]. Rachaidh tú amach ansin í ar a’ Phointe, go dtí áit áit a ngaireann siad Oileán an Gheafta de, agus rachaidh tú as sin siar trasna a’ Pointe go dté tú go Scoilt na Madadh agus Poll a’ Choire. Tiocfadih tú aníos ar a’ taobh sin den Phointe ansin nó go dtara tú go Slad na bhFaochóg [?] agus siar ansin í go Leic Amraí [?]. Amach ansin í chuig áit ansin atá ag gabháil amach ar oileán a ngaireann siad Clochar an gCarad air. Fuígfidh tú Clochar na gCarad i do dhiaidh ansin agus tiocfaidh tú aníos Port na Loinge. Agus siar ansin Cnoc a’ tSeisígh [?], Pointe Phádaí Cholla. Suas leat ansin í agus rachaidh tú trasna ansin go dté tú go Tráigh a’ Dúin. Agus nuair a fhágfas tú Trá a’ Dúin ’do dhiaidh ansin rachaidh tú go Trá Dhoaghmore [?] [GA: Trá Dhumhaigh Mhór], agus tá áit eile thiar ansin a ngaireann siad Rampar de. Fágfaidh tú an Rampar ’do dhiaidh ansin agus rachaidh tú suas Cúil a’ Ghlinsk go dté tú a fhad le áit a ngaireann siad Bearnán [?] Dearg de. Agus rachaidh tú suas ansin go dté tú go Leithead. Fágfaidh tú Leithead i do dhiaidh ansin agus rachaidh tú soir go áit a ngaireann siad Bolg Feighean [?] de. Rachaidh tú suas leat ansin i gcois an uisce, áit fíorchúng atá ann ar an, is an fharraige ag gabháil suas ann, áit a ngaireann siad na hEasáin [?] de. Tiocfaidh tú thart anuas ansin ar an taobh eile de na hEasáin anuas, a’ tarrac anuas go áit a ngaireann siad Baile na nGamhna de, Droichead an Chéilí, agus as sin suas go dté tú a fhad leis an Cheathrú Chaol.
Back

ulster.ac.uk uses cookies to give users the best experience possible. Find out more about our use of cookies